Course Summary
De bhrí go bhfuil ardú stádais bainte amach ag an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le roinnt blianta anuas, tá méadú tagtha ar an éileamh atá ar dhaoine a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge. Cuireadh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ar bun sa bhliain 2007 le freastal ar an éileamh sin, agus tá idir rath agus ráchairt air ó shin i leith.
College Link
Career Sectors
This course prepares you for working in the Career Sectors below. Follow the links to get a fuller understanding of the sectors you are preparing for.
Entry Requirements
Riachtanais iontrála
1. Bunchéim (ní gá gur céim sa Ghaeilge a bheadh ann).
2. Pas i scrúdú iontrála teanga (gramadach, ceartúsáid na teanga, aistriúchán agus píosa scríbhneoireachta). Tá scrúdú samplach iontrála ar fáil ach cliceáil anseo thíos.
Scrúdú iontrála
3. Agallamh
Beidh an scrúdú iontrála ar siúl ar líne Dé hAoine, an 28 Meitheamh 2024.
Tábhachtach: Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála (28 Meitheamh 2024) agus na scoláireachtaí á mbronnadh. Má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, seans go dtabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.
Tá líon teoranta spásanna ar fáil ar an gcúrsa seo. Tabharfar tairiscintí d?iarrthóirí bunaithe ar na marcanna a gheobhaidh siad sa scrúdú scríofa. B?fhéidir go dtarlóidh go mbeidh Lárionad na Gaeilge ag iarraidh iarrthóirí a chur faoi agallamh mar chuid den phróiseas iarratais.
Application Details
Closing Date : 03 July 2026
Fees
Closing Date : 30 June 2023
The Student
Career Interests
This course is typically suited for people with the following Career Interests. If these interests do not describe you, this course may prepare you for work you may not find satisfying.
Linguistic
The Linguistic's interests are usually focused on ideas and information exchange. They tend to like reading a lot, and enjoy discussion about what has been said. Some will want to write about their own ideas and may follow a path towards journalism, story writing or editing. Others will develop skills in other languages, perhaps finding work as a translator or interpreter. Most Linguistic types will enjoy the opportunity to teach or instruct people in a topic they are interested in.
Investigative
The Investigative person will usually find a particular area of science to be of interest. They are inclined toward intellectual and analytical activities and enjoy observation and theory. They may prefer thought to action, and enjoy the challenge of solving problems with sophiscticated technology. These types prefer mentally stimulating environments and often pay close attention to developments in their chosen field.
Career Progression
Tá céimithe de chuid an chúrsa seo ag obair i réimse leathan ról, mar aistritheoirí, léitheoirí profaí, eagarthóirí, dlítheangeolaithe, oifigigh Ghaeilge, múinteoirí agus léachtóirí, cuir i gcás. Tá poist bainte amach acu in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i ngníomhaireachtaí aistriúcháin, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí foilsitheoireachta.
Aiseolas ó chéimithe an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht
Chuir mé spéis sa chúrsa an chéad lá riamh, mar cé go raibh mé ag obair mar aistritheoir, ní raibh aon cháilíocht ghairmiúil agam i léann an aistriúcháin. Lena chois sin, bhí mé ag iarraidh feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge le tamall. Chuidigh an cúrsa liom an dá sprioc sin a bhaint amach. Is iontach an léargas a thugtar sna léachtaí ar gach gné den aistriúchán. Déantar cur síos ar chineálacha éagsúla téacs agus tugtar treoir conas dul i ngleic leo go héifeachtach. Sin ráite, is cúrsa praiticiúil é agus is iad na cleachtaí seachtainiúla a iarrtar ar na mic léinn a dhéanamh an chuid is luachmhaire de. Bhí deis againn tabhairt faoi gach aon seánra, téacsanna reachtaíochta, tuarascálacha, bileoga eolais, fógraí agus saothair litríochta ina measc. Gach uair, fuair muid aiseolas cuimsitheach ón teagascóir, idir cheartúcháin agus mholtaí spreagúla le go bhféadfadh muid barr feabhais a chur ar ár gcuid scríbhneoireachta. D?fhoghlaim muid bunscileanna téarmaíochta agus conas eagarthóireacht a dhéanamh ar aistriúchán. Go deimhin, ba dheacair ullmhúchán ní b?fhearr a shamhlú le dul ag obair mar aistritheoir gairmiúil. Molaim go mór é!
Duration
Part-time online course over two years
