Course Summary
Anuas ar chlár téagartha acadúil, agus deiseanna díriú ar ghnéithe de Litríocht na Gaeilge, d’Ealaíona na Gaeilge, agus den tSochtheangeolaíocht agus den Phleanáil Teanga, beidh fócas láidir freisin ar scileanna gairmiúla a fhorbairt. Forbrófar sárscileanna teanga, idir labhairt agus scríobh, agus tacar scileanna idirphearsanta, a bheidh ag freagairt do riachtanais chumarsáide na rannpháirtithe féin. Oilfear thú le bheith i d’eiseamláir den dea-chleachtas i gcomhthéacsanna éagsúla teanga, cultúir agus pobail agus beidh tú in ann riachtanais a aithint agus deiseanna a thapú maidir le do réimsí féin agus ar bhonn eagraíochtúil. Sealbhóidh tú na scileanna cuí le pleanáil a dhéanamh, athrú a thabhairt i gcrích agus spriocanna a bhaint amach.
College Link
Career Sectors
This course prepares you for working in the Career Sectors below. Follow the links to get a fuller understanding of the sectors you are preparing for.
Entry Requirements
Bunchéim sa Ghaeilge ag leibhéal 2.2 nó leibhéal níos airde (nó Céim 2.2 nó leibhéal níos airde i mbunchéim eile). Is féidir go nglacfadh an Roinn le hiarrthóir nach gcomhlíonfadh na critéir thuas ach a mbeadh taithí chruthanta/cáilíocht acu a chuirfeadh ar a gcumas tabhairt faoin gclár. Is féidir go lorgódh an Roinn fianaise ar ardinniúlachtaí Gaeilge idir labhartha agus scríofa. Is féidir go lorgófaí fianaise ó iarratasóirí go bhfuil an mianach agus na hinniúlachtaí acu le tabhairt faoin gclár.
Application Details
Iarratasóir arb as an Aontas Eorpach iad
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 31 Iúil 2026.
Iarratasóir nach as an Aontas Eorpach iad
Beidh fáilte roimh iarrthóirí idirnáisiúnta. Moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig idirnáisiúnta sula gcuireann tú isteach ar áit ar an gclár.
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 31 Iúil 2026.
The Student
Career Interests
This course is typically suited for people with the following Career Interests. If these interests do not describe you, this course may prepare you for work you may not find satisfying.
Linguistic
The Linguistic's interests are usually focused on ideas and information exchange. They tend to like reading a lot, and enjoy discussion about what has been said. Some will want to write about their own ideas and may follow a path towards journalism, story writing or editing. Others will develop skills in other languages, perhaps finding work as a translator or interpreter. Most Linguistic types will enjoy the opportunity to teach or instruct people in a topic they are interested in.
Career Progression
Cuimsíonn an clár inniúlachtaí sa chumarsáid, sa phleanáil straitéiseach agus scileanna agus feasacht maidir le riachtanais a aithint, spriocanna a leagan síos agus athrú a thabhairt i gcrích. Freagraíonn na tréithe agus an tacar scileanna seo do riachtanais rólanna iomadúla agus tá éileamh mór ar chéimithe leis na hinniúlachtaí seo ag fostóirí.
Tá an rogha ag céimithe staidéar breise a dhéanamh go leibhéal PhD.
