Is cúis áthais don Larionad Náisiúnta um Threoir san Oideachas agus Saoloibre.ie sraith acmhainní nuálacha agus comhtháite a sholáthar - Acmhainní Foghlama agus Teagaisc a Bhaineann leis an tStraith Shóisearach. Is féidir leas a bhaint as na hacmhainní seo mar chuid de Chlár na Folláine agus mar chuid de Réimsí Foghlama eile, de réir mar is cuí. Anseo thíos tá 3 Aonad Foghlama atá oiriúnach do dhaltaí i mBliain 1, i mBliain 2 agus i mBliain 3. I ngach Aonad foghlama tá 6 cheacht, ina bhfuil Plean Ceachta, Cur i Láthair agus Bileog Oibre don Dalta. Cuirfear Bileog Freagraí don Mhúinteoir ar fáil chomh maith, de réir mar is cuí. Tabhair faoi deara gur aonaid foghlama incriminteacha iad na haonaid seo.
Díreofar, in ábhar na gceachtanna, ar na réimsí seo a leanas: Mé Féin a Fhorbairt, Mo Chuid Foghlama a Fhorbairt agus Mo Chonair Ghairme a Fhorbairt. Áireofar i measc na dtopaicí uileghabhálacha: An Scoilbhliain agam féin, Na Tacaíochtaí, Acaíochtaí atá agamsa, Spriocanna a legann síos dom féin, Mo Luachanna, Mo Scileanna agus Mo Chonairí féin.
Tá forléargas ar na hacmhainní do Bhlianta 1-3 ar fáil sna comhaid seo a leanas: Aguisín 1 (Bl. 1); Aguisín 2 (Bl. 2); Aguisín 3 (Bl. 3)