Company/Organisation Profile
Ag craoladh ar fud Bhaile Átha Cliath ó 1993, is stáisiún raidió pobail sainspéise é Raidió na Life a bunaíodh le seirbhís raidió pobal-dhírithe a sholáthar do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird ar bhonn neamhbhrabúsach. Tá cuspóirí oideachasúla agus pobail mar chodanna bunúsacha d’fhealsúnacht chraolacháin na seirbhíse seo.
Déanann Raidió na Life comhtháthú idir na heagrais Ghaeilge, lucht labhartha na teanga, daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus daoine a dtaitníonn réimsí ceoil éagsúla leo – daoine go mb’fhéidir nach mbeadh teagmháil rialta acu leis an nGaeilge san áireamh. Déanann an stáisiún cúram de réimse leathan spéise an phobail sin ina chuid clár, ag díriú go príomha ar chathair agus ar chontae Átha Cliath mar aon leis an gcrios comaitéara máguaird.
Tá ilchultúrachas ag baint leis an phobal sin agus ilghnéitheacht i dtaca le réimse spéise, próifíl aoise, cumas sa Ghaeilge agus rannpháirtíocht i gcur chun cinn na Gaeilge de. Tá Raidió na Life tiomanta chun a oiread cláracha agus is féidir a sholáthar a fhreastalóidh ar an ilghnéitheacht sin i measc a lucht éisteachta.
Placement Details
Déanann Raidió na Life comhtháthú idir na heagrais Ghaeilge, lucht labhartha na teanga, daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus daoine a dtaitníonn réimsí ceoil éagsúla leo – daoine go mb’fhéidir nach mbeadh teagmháil rialta acu leis an nGaeilge san áireamh.
**All Applicants must be able to speak Irish.**
How to Apply
This position is based in Dublin 2. Applicants must be able to speak Irish.
Contact Information
Muiris Ó Fiannachta 01 6616333